- Supports
- About
-
News and Events
News and Events
Events
How can we help?
Grianghraif: An Taoiseach Micheál Martin TD ag déanamh an oscailt oifigiúil Campas Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí: Ina chuideachta tá, Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Siobhán Ní Ghadhra, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta; Jim Woulfe, Cathaoirleach Fiontraíocht Éireann; an tAire Dara Ó Calleary TD; an tAire Gerry Buttimer TD, Andreas Moynihan TD agus páirtnéirí eile a bhí páirteach sa tógra.
Athchoiriú €10 milliún ar sean choláiste cáiliúil i nGaeltacht Mhúscraí
D'oscail an Taoiseach Micheál Martin Campas Íosagáin go hoifigiúil inniu, an mol digiteach nua-aimseartha i gcroílár Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Lá mór é seo don phobal áitiúil agus do Ghaeltacht Mhúscraí i gcoitinne, ag marcáil deireadh tréimhse tógála 15 mhí ar cheann de thionscadail forbartha is suntasaí na tuaithe in Éirinn agus ag Údarás na Gaeltachta le blianta beaga anuas.
Infheistíodh €10 milliún san athchóiriú ar Choláiste Íosagáin, an foirgneamh stairiúil a bhí ina meánscoil chónaithe tráth, faoi stiúir Údarás na Gaeltachta. Cruthófar 200 post nua san ionad, rud a thabharfaidh spreagadh mór don gheilleagar áitiúil, agus meastar go mbeidh suas le 320 post á gcur ar fáil nuair a bheidh an campas faoi lán seoil.
Maoiníodh an tionscadal trí dheontas €3.4 milliún ón gCiste Athnuachana agus Forbartha Tuaithe, mar aon le €2.7 milliún ó Chiste Forbartha Fiontar Réigiúnach (REDF) Fhiontraíocht Éireann agus €3.8 milliún ó chistí Údarás Na Gaeltachta.
Feidhmeoidh Campas Íosagáin mar ionad nuálaíochta den chéad scoth, ag cuidiú le raon leathan úsáideoirí, ó fhiontraithe áitiúla go hoibrithe cianda agus comhlachtaí eile. Sa chéad chéim, tá sé beartaithe tacú le breis is 45 gnólacht, le céimeanna forbartha breise le teacht amach anseo. I measc na dtionóntaí atá ag dul isteach sa champas tá Lia Eyecare Technology, Réalta Technologies, Gearóid Ó Laoire Computer Services, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, agus Skillnet South West, ag léiriú an éagsúlachta gnó agus pobail a bheidh ag croílár an mhoil nua.
Lonnaithe i dtimpeallacht álainn na Gaeltachta, tá an t-ionad feistithe leis an teicneolaíocht is nua-aimseartha agus bonneagar gnó den scoth. Beidh an foirgneamh á oibriú ar bhealach an-ghlas ag úsáid BioLPG mar bhreosla, soilsiú ísealfhuinnimh, aerú nádúrtha in ionad aer-oiriúnaithe, agus córas cliste BMS ag bainistiú an teasa ar fud na maoine. Ní bheidh gnólachtaí ag brath ar aon líne amháin cumhachta nó idirlín. Beidh gineadóir cúltaca ar fáil i gcás briste cumhachta, agus trí chóras leathanbhanda neamhspleácha (satailít, raidió agus snáth optaice) san fhoirgneamh, rud a thugann síocháin intinne do chomhlachtaí atá ag smaoineamh ar lonnú faoin tuath. Cuireann an t-éiceachóras tacúil seo deiseanna iontacha ar fáil do ghnólachtaí fás agus forbairt ag gach céim, idir chomhlachtaí nuathionscanta agus ghnóthaí seanbhunaithe.
Agus é ag labhairt ag oscailt an Champais, dúirt an Taoiseach:
"Is cúis áthais dom a bheith anseo i gcroílár Ghaeltacht Mhúscraí chun Campas Íosagáin a oscailt go hoifigiúil. Léirítear le tionscadail nuálaíocha, amhail an ceann seo a bhfuil sé de phribhléid againn a oscailt inniu, cad is féidir a bhaint amach trí abhcóideacht agus gníomh áitiúil láidir, trí chomhpháirtithe straitéiseacha a fhorbairt agus trí infheistíocht Rialtais a chur ar fáil.
"Is léir ó mhéid na comh-infheistíochta i gCampas Íosagáin go bhfuil an-uaillmhian ag comhpháirtithe an tionscadail. Trí infheistiú i mórthionscadail uaillmhianacha straitéiseacha ar nós Champas Íosagáin, is féidir linn ár bpobail tuaithe agus Ghaeltachta a athrú ó bhonn fud fad na hÉireann."
"Táimid thar a bheith sásta go bhfuil Campas Íosagáin á oscailt ag an Taoiseach Micheál Martin," a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. "Is lá stairiúil é seo don cheantar agus do Ghaeltacht Mhúscraí ar fad. Cuirfidh Campas Íosagáin dlús le cúrsaí taighde agus forbartha, ag tógáil ar bhuanna an réigiúin, i mBaile Bhuirne agus i gCorcaigh trí chéile. Beidh sé mar ardán don ré digiteach sa cheantar ag mealladh daoine le ard chaighdeán chun na Gaeltachta agus mar áis oilúna eiseamlárach do na hearnálacha poiblí agus príomháideacha araon."
Agus é ag labhairt ag an oscailt freisin, dúirt an tAire Calleary:
"Le hinfheistíocht ó mo roinn, tríd an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, chuir an tionscadal seo beocht nua i bhfoirgneamh folamh tréigthe agus rinne sé áis úrscothach de, lena dtacófar le fiontraíocht agus le forbairt agus nuálaíocht eacnamaíoch.
"Seo go díreach an cineál nuálaíochta atá ar intinn agam do cheantair thuaithe na hÉireann. Obair a dhéanamh le comhpháirtithe amhail Údarás na Gaeltachta, comhlacht atá faoi choimirce mo roinn féin, agus Fiontraíocht Éireann chun tionscadail a thabhairt i gcrích mar atá molta againn i mbeartas forbartha tuaithe an Rialtais, Ár dTodhchaí Thuaithe. Mar thoradh ar an gcomhoibriú seo, tá breis is €7m den mhaoiniú iomlán don tionscadal ag teacht ó bhuiséad caipitil mo roinne atá ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Beidh sé seo ina chabhair chun tairbhe a bhaint as an acmhainn ollmhór atá i gceantair thuaithe na hÉireann agus, mar thoradh air sin, áiteanna cosúil le Baile Bhuirne a dhéanamh ina n-áiteanna níos fearr le cónaí, le hoibriú agus le hinfheistiú iontu. Tacóidh an infheistíocht shuntasach seo, ar ndóigh, le cur i bhfeidhm an phróisis reachtúil pleanála teanga i nGaeltacht Mhúscraí freisin."
Dúirt Jim Woulfe, Cathaoirleach d'Enterprise Ireland: "Tá Enterprise Ireland tiomanta do thacú le gnólachtaí Éireannacha ag gach céim dá bhforbairt - ón tús go dtí fás agus scálú idirnáisiúnta. Léiríonn tionscadail ar nós Champas Íosagáin an tábhacht a bhaineann le forbairt réigiúnach inár straitéis náisiúnta. Trí chomhoibriú dlúth idir páirtithe leasmhara agus tacaíocht chuimsitheach a sholáthar, cuirfidh muid borradh faoi fhás eacnamaíoch sna réigiúin. Molaim go hard an fhoireann ar fad a chuir a gcuid ama agus saineolais ar fáil chun an tionscadal tábhachtach seo a chur i gcrích."
Bunaíodh Coláiste Íosagáin mar choláiste ullmhúcháin sa bhliain 1940, ainmnithe i ndiaidh shaothar cáiliúil Phádraig Mhic Phiarais. Anois, agus an campas nua á oscailt go hoifigiúil, tosaíonn caibidil nua ina scéal fada; ceann a gheallann todhchaí gheal do phobal na Gaeltachta.
-CRÍOCH-
Teagmháil do na Meáin | Media Contact:
091-503100
udaras.ie | X | Facebook | Instagram | LinkedIn | Bluesky | YouTube | TikTok