Forbhreathnú

Is muidne an ghníomhaireacht forbartha stáit de chuid na hÉireann atá dírithe ar athrú ó bhonn a dhéanamh ar thionscal na hÉireann.  Is é an bun-mhisean atá againn ná forbairt cuideachtaí Éireannacha den scoth a bhrostú chun seasamh láidir a bhaint amach i margaí domhanda, a mbeidh méadú ar rathúlacht náisiúnta agus réigiúnach mar thoradh air.

Tá líonra cuimsitheach againn de 13 oifig Éireannacha   agus 31 oifig idirnáisiúnta  a úsáidimid chun cabhrú lenár gcliaint  dul in iomaíocht agus fás.

I gcás cuideachtaí Éireannacha, táimid ag díriú ar chúig phríomhréimse gníomhaíochta:  gnóthachan díolachán onnmhairithe; infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht; dul in iomaíocht trí tháirgiúlacht; tosú amach agus méadú ó scála agus brú chun cinn na fiontraíochta réigiúnach. 

Cuirimid cabhair ar fáil freisin do chuideachtaí idirnáisiúnta  atá ag lorg soláthróirí Éireannacha den scoth agus is féidir linn cabhrú le cuideachtaí idirnáisiúnta ar mian leo gníomhaireachtaí déantúsaíochta bia agus dí a chur ar bun in Éirinn.


Last updated 24/6/2008