Tá sonraí thíos maidir le:
- Ár Struchtúr Eagraíochta
- Baill ár mBoird
- Cód Iompair do Bhaill an Bhoird
- Cód Iompair don Fhoireann
Struchtúir Eagraíochta
Baill an Bhoird
Ceapann an Tánaiste, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, le toiliú ón Aire Airgeadais. Tá an CEO de Fhiontraíocht Éireann ina bhall ex officio den bhord.
Tá an Bord freagrach as beartais leathana na heagraíochta a leagan síos, agus déanann sé tarmligean do bhainistíocht agus d'fho-choistí ar an bhfreagracht chun iad a chur i bhfeidhm. Ina ghníomhaíochtaí féin, agus san úsáid a bhaineann sé as coistí, oibríonn an Bord i dtreo na bprionsabal rialachais chorparáideach is fearr san earnáil phríobháideach. Tá údarás reachtúil ag an mBord chun tacaíocht maoinithe a cheadú, údarás scaireanna (gnáth agus tosaíocht) i gcuideachtaí, suas chuig na leibhéil atá leagtha síos san Acht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1986, arna leasú, agus chun moltaí a dhéanamh don Rialtas ar leibhéil mhaoinithe os cionn na leibhéal sin.
Cliceáil ar ainmneacha thíos chun nasc a dhéanamh le beathaisnéisí (as Béarla)
Pat Molloy (Cathaoirleach)
Kieran McGowan
Heather Ann McSharry
Lorraine Benson
John Connolly
Margaret Daly
Gerard O'Malley
Anthony L Spollen
Michael Buckley
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin: Frank Ryan
Cód Iompair do Bhaill an Bhoird
Sa rannóg seo, is féidir leat íoslódáil a dhéanamh ar an gCód Iompair do Bhord Fhiontraíocht Éireann i bhformáid MS Word (59KB). Leagtar síos an Cód seo, i bhfoirm scríofa, na caighdeáin iompair ghnó a bhfuil an Bord tar éis aontú cloí leo agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Is mian leis an mBord go gceanglófaí leis an gCód Iompair seo baill bhoird agus coistí freisin, a bhfuil roinnt áirithe dá gcumhachtaí tarmligthe ag an mBord.
Cód Iompair don Fhoireann Oibre
Leagann an Cód Iompair d'fhoireann Fhiontraíocht Éireann (as Béarla) (foilsithe Iúil 2005) síos na caighdeáin iompair gnó a bhfuil baill foirne tar éis aontú cloí leo agus a ndualgais á gcur i gcrích acu.