Táimid tiomanta seirbhís den scoth a chur ar fáil duitse, ár gcliant, ceann atá dírithe, onnghníomhach agus éifeachtúil. Chun ár dtiomantas duit a chomhlíonadh, cuirfimid seirbhís den scoth ar fáil sna réimsí:
Fiontraíocht Éireann - Ár bhfís i gcomhair gnó Éireannaigh
Is í an fhís atá againn ná go mbeidh gnó Éireannach faoinár dtacaíocht:
- ag baint amach seasamh láidir i margaí nideoige domhanda
- ag forbairt táirgí nuálaíocha sainiúla
- ag baint amach na leibhéal is airde d'iomaíochas idirnáisiúnta
- ag tógáil foirne bainistíochta láidre den scoth le hacmhainn díolacháin idirnáisiúnta
Tá tiomantas againn forbairt chuideachtaí Éireannacha den scoth a bhrostú chun seasamh a bhaint amach i margaí domhanda, a mbeidh méadú ar rathúlacht náisiúnta agus réigiúnach mar thoradh air.
Tá an Chairt seo mar threoir ar chaighdeán ár seachadta seirbhíse duitse, ár gcliant. Mínítear freisin inti an rud le déanamh más mian leat rud éigin a rá nó dul i dteagmháil le haon bhall foirne san eagraíocht.