Ár Straitéis 2005-2007

Tá tionscal na hÉireann ag pointe fíorthábhachtach ina fhorbairt eacnamúil.  Tá dúshláin nua agus éagsúla amach os comhair ár gcliant.  Is éard is gá anois ná gníomhaíochtaí d'ardluach dianfheasach atá ábalta tacú le poist d'ardluach agus le rátaí pá réasúnta ard. Is gnólachtaí atá fíor-nuálaíoch agus dírithe go daingean ar an margadh atá sna cuideachtaí a chuireann na poist seo ar fáil, agus soláthraíonn siad táirgí agus seirbhísí nua agus sofaisticiúla ag rátaí idirnáisiúnta iomaíocha.

Cé go bhfuil Éire éis tús a chur leis an turas seo, tá rathúlacht eacnamúil na hÉireann sa todhchaí chun a bheith bunaithe ar thaighde, tráchtáil, táirgíocht agus díol táirgí agus seirbhísí breisluacha do mhargaí domhanda.

Chun is go n-éireoidh leo sa timpeallacht iomaíoch nua seo, beidh ar chuideachtaí cineál nua múnla gnó a ghlacadh ina mbeidh feasacht margaidh agus nuálaíocht mar thionchair níos suntasaí ar rathúlacht i margaí onnmhairithe.

Is é an dúshlán d'Fhiontraíocht Éireann agus dár gcliaint ná forbairt go héifeachtach mar bhonn fiontair nuálaíoch táirgiúil agus de réir scála, a ghineann gníomhaíochtaí agus ioncaim bhreisluacha á stiúradh ag feasacht do mhuintir na hÉireann.

Is í an chríoch a bheidh lenár straitéis fhoriomlán ná an líon is airde díolacháin onnmhairithe a bhaint amach trí úsáid a bhaint as taighde feidhmeach, teicneolaíocht agus nuálaíocht agus a chinntiú go mbaintear forbairt eacnamúil amach ar shlí atá cothrom go réigiúnach.

Ár Spriocanna agus Bearta Tionchair

  • €3 Billiún Díolacháin Onnmhairithe Nua as seo go ceann trí bliana
  • Méadú go dtí 1,050 ar an Líon Gnólachtaí atá Gníomhach le Taighde & Forbairt (os cionn €100,000) faoi 2010 
  • Tacú le Cruthú 210 Cuideachta Tosaithe Ard-Acmhainne (HPSU) náisiúnta (faoi dheireadh na bliana 2007)
  • Réiteacht Onnmhairithe a Bhrú Chun Cinn trí Thionscadail Feabhsúcháin Táirgiúlachta agus Iomaíochta a chur i bhFeidhm i 300+ gnólacht (faoi dheireadh 2007)

Adobe PDF document

Straitéis 2005-2007 : Tuarascáil Iomlán sa Ghaeilge

Íoslódáil Stráitéis 2005-2007 Fhiontraíocht Éireann: Athrú ó bhonn ar Thionscal na hÉireann - Gaeilge (446 KB) Dáta foilsithe: 04/05/2005


Last updated 2/5/2007