Is í an aidhm atá ag ár mbeartais earcaíochta agus roghnaithe ná an duine is feiliúnaí i gcomhair poist ar leith a earcú, bunaithe ar scileanna iarrthóra. Cuid bhunúsach den phróiseas ná a chinntiú go gcothaítear caighdeáin chothromaíochta agus comhionannais.
Tá sé mar bheartas againn foireann oibre a lorg ó laistigh den ghníomhaireacht ar dtús agus an fhoireann a spreagadh chun foghlaim agus forbairt a dhéanamh. Faoi nósanna imeachta atá aontaithe, is iondúil go bhfógraítear folúntais laistigh de Fhiontraíocht Éireann, GFT Éireann (IDA Ireland) (as Béarla) agus Forfás (as Béarla). Nuair nach n-aithnítear aon iarrthóir feiliúnach laistigh de na gníomhaireachtaí, líontar an folúntas trí earcaíocht sheachtrach.
Last updated
20/4/2007